Beidh gá agat le:

Cur Chuige:

  • 3 phráta mór, ubh amháin, 25 gram d’im, braon beag bainne, 200 gram de thuinnín i sáile(draenáilte), 75 gram de bhrus-aráin úr, piobar, ola i gcomhair friochadh, 4 phis, 4 shlisne líomóide, 4 shlisne tráta (gearrtha tanaí), roinnt craobhóga peirsile, leath chúcamair gearrtha ar a fhad ina shlisní tanaí.
  1. Scamh na prátaí agus gearr ina bpíosaí beaga iad. Beirigh i sáspan uisce iad go dtí go mbíonn siad bog. (15-20 nóiméad)
  2. Draenáil an t-uisce agus cuir na prátaí i mbabhla. Cuir isteach an t-im, an bainne agus an ubh. Brúigh na prátaí go dtí go mbíonn siad mín.
  3. Measc isteach an tuinnín, an brus-áráin agus an piobar.
  4. Cuir an meascán sa chuisneoir ar feadh timpeall 30 nóiméad.
  5. Tóg amach an meascán. Fliuch do lámha beagainín agus roinn an meascán ina cheithre chuid. Múnlaigh i gcruth éisc iad.
  6. Iarr ar dhuine fásta cuidiú leat na cácaí éisc a fhriochadh ar fhriochtán ar feadh timpeall 5 nóiméad ar an dá thaobh. Draenáil ansin iad agus cuir ar phlátaí iad.
  7. Déan súil as an bpis agus béal as an slisne tráta. Déan bolgáin aeir as an bpeirsil agus úsáid an líomóid chun an ghrian a léiriú. Leag amach an cúcamar ina shraitheanna chun an fharraige a léiriú.