CUSPÓIR:
chun abhainn a thastáil i gcomhair truailliú |
Eagraigh
turas allamuigh chun abhainn a thastáil i gcomhair truailliú,
ag baint úsáide as an gCairt Speicis ar lch 19. Chabhródh
turas mar seo le páistí foghlaim faoi idirspleáchas
na n-orgánach san abhainn, faoi thábhacht na bhfeithidí
i saol an bhradáin agus faoin tionchar a bhíonn ag an
truailliú ar fheithidí éagsúla. Foghlaimeoidh
siad faoi speicis nua d’fheithidí, idir fheithidí
fásta agus larbhaí.
Ba chóir go gcaithfeadh na páistí éadaí
oiriúnacha don turas.
Moltar
cúpla turas a dhéanamh chun go mbeadh deis ag na páistí
an t-uisce a iniúchadh ag leibhéil éagsúla.
Sula dtéitear amach ar cuairt go dtí
an abhainn ba chóir go mbeadh na hainmhithe ar an gCairt Speicis
ar eolas ag na páistí. Ba chóir freisin go mbeadh
a fhios acu chomh maith conas bileog chláraithe a líonadh.
|
Beidh gá agat le:
|
|
Samplóir
uisce, cairteacha speicis, bileoga cláraithe, cláir fháiscín,
bata méadair nó ribín tomhais, pinn luaidhe, mias
nó báisín chun na samplaí a iompar
|
Chun
samplóir uisce a dhéanamh úsáid crochadán
cóta agus píosa muislín nó seanphéire
riteoga.
|
Déan cruth leathchiorclach den chrochadán. Lúb
an crúca chun ciorcal a dhéanamh. Fuáil an muislín
nó na riteoga ar an gcrochadán.
Nuair a shroichfidh sibh an abhainn marcáil an chuid atá
le hiniúchadh le bratacha etc. Tomhais
cúig mhéadar suas an abhainn ón mbrat agus tarraing
an samplóir go réidh thar grinneall na habhann.
B’fhéidir go mbeadh sé níos éasca
ort an cúig méadar a thomhais ina choiscéimeanna
seachas an ribín tomhais nó an bata méadair a úsáid.
|
Coinníonn
an múinteoir an samplóir faoin uisce agus croitheann sé
an gairbhéal ar an ngrinneall chun na dúile bheaga atá
ann a ghabháil sa líon. Cuir sa mhias nó sa bháisín
ansin iad agus lig dóibh socrú síos. Bain úsáid
as an gCairt Speicis chun na dúile a aithint. Scríobh
síos na speicis atá ann sna bileoga cláraithe.
Cabhróidh an chairt leat ansin chun caighdeán an uisce
san abhainn a mheas. Cuir na speicis ar ais san abhainn go cúramach
chomh luath agus is féidir. Tóg samplaí den uisce
i gcodanna eile den abhainn. Tastáil an t-uisce arís ag
tréimhsí éagsúla den bhliain agus nuair
a bhíonn an t-uisce ag leibhéil éagsúla.
Cláraigh aon speiceas neamhghnách a bhíonn sa líon
agus déan iarracht iad a aithint níos déanaí.
|
|
An raibh a fhios
agat? |
Is
féidir leibhéal truaillithe na h-abhann a mheas trí
iniúchadh a dhéanamh ar na dúile bheaga a mhaireann
ar ghrinneall na habhann. Tá cuid acu nach bhfaightear riamh
in uisce truaillithe. Ina measc siúd tá an chuil chloch,
larbha na cuile bealtaine, an ribe róibéis, agus larbha
na cuile cadáin. Nuair a bhíonn roinnt truaillithe déanta
ar an abhainn faightear míolta uisce ann. Itheann an míol
uisce an dríodar ag grinneall na habhann. Nuair a bhíonn
an truailliú go dona in abhainn faightear péisteanna fioruisce
agus cruimheanna eireaballacha iontu.
Ba chóir go scrúdódh
na páistí codanna difriúla den abhainn, i.e. codanna
den abhainn a mbíonn an t-uisce ag gluaiseacht go mear / go mall
iontu, codanna ciúine ina bhfuil láib iontu nó
codanna atá faoi scáth.
Nigh an samplóir uisce i gcomhair an chéad turas eile.
|