Pléitear an t-iasc mar speiceas sa cheacht seo agus pléitear na tréithe a dhéanann idirdhealú idir an t-iasc agus créatúir eile.


  • eolas a chur ar iasc mar speiceas a mhaireann i bhfionnuisce nó san fharraige
  • coincheap an bhiashlabhra a thuiscint

 

     Tá an t-iasc ar an bplainéad seo le 500 milliún bliain. Ba iad an chéad grúpa ainmhithe a raibh cnámh droma acu (veirteabraigh). Bhreathnaigh siad cosuil le torbáin ag an tús. Maireann iasc fionnuisce in aibhneacha agus i lochanna. Maireann iasc mara sna farraigí agus sna haigéin. Is féidir leis an mbradán agus leis an eascann maireachtáil i bhfionnuisce agus sa sáile. Tá na speicis fioruisce faoi bhagairt níos mó ná mar atá speiceas ar bith eile ar an bplainéad. Tá siad ag dul in éag cúig huaire níos tapúla ná mar atá ainmhithe a mhaireann ar an talamh.

Gniomh 2.1

     D’fhéadfá tús a chur leis an gceacht leis an gceist: “Cad is iasc ann?”
Pléigh na tréithe éagsúla a bhaineann leis an iasc:

     Mínigh go mbíonn dath na gnáthóige ar ghainní an éisc ionas nach dtabharfar suntas dóibh sa timpeallacht ina mbíonn siad. Duaithníocht a thugtar ar an dathú seo. Cosnaíonn an duaithníocht na héisc ar a naimhde. Dath saghas airgeadúil a bhíonn ar an mbradán óg. Bíonn spotaí beaga dearga air agus marcanna ar nós loirgordóige ar a thaobh aige. Tagann dath airgid ceart air nuair a shroicheann sé an fharraige.

     Déan tagairt do roinnt ainmhithe eile agus an chaoi a gcabhraíonn an duaithníocht leo a naimhde a sheachaint.

     
Déan comparáid idir an t-iasc agus créatúirí eile, chun an t-iasc mar veirteabrach a iniúchadh. Pléigh an craiceann a bhíonn orthu, an bia a itheann siad agus na gnáthóga ina maireann siad. Pléigh rangú ainmhithe leo. Mínigh go dtugaimid “veirteabraigh” ar ainmhithe a mbíonn cnámh droma acu agus “Inveirteabraigh” ar ainmhithe nach mbíonn. Inveirteabraigh is ea 97% de na speicis ainmhithe ar fad ar domhan. Is inveirteabraigh iad na cruinnphéisteanna, na spúinsí agus na moilisc.

Rangaítear na veirteabraigh i gcúig phríomhghrúpa: mamaigh, reiptílí, débheathaigh (amfaibiaigh), éin agus éisc. (Féach EOLAS ÁISIÚIL ar lch 8 agus 9 )

     

     Análaíonn éisc faoin uisce – pléigh geolbhaigh leis na páistí. Tá na geolbhaigh suite ar an dá thaobh den chloigeann agus cabhraíonn siad leis na héisc chun ocsaigin a bhaint as an uisce. Osclaíonn íisc a bhéal chun uisce a ligint isteach. Téann an t-uisce seo thar na geolbhaigh agus ritheann an ocsaigin ón uisce isteach iontu. Scaoiltear amach an t-uisce ansin.

     Is féidir aois roinnt éisc a dhéanamh amach ó na gainní. Ceistigh na páistí faoin gcúis nach bhfuil cleití nó fionnadh ar éisc.

     Ní bhíonn gainní ar bith ar iasc loingeánacha mar an siorc agus an gearrthóir ach bíonn fáinní fáis ar a gcnámha droma mar a bhíonn ar chrann. Is féidir a n-aois a dhéanamh amach ó na fáinní sin. Is féidir aois leathóige mar an leathóg bhallach agus an leadhbóg a dhéanamh amach ó na fáinní i gcnámh ina gcloigeann ar a dtugtar otailit. Bíonn na fáinní seo níos leithne an bhliain ina mbíonn bia flúirseach (díreach mar a bhíonn na fáinní ar an gcrann).

Éisc Sa Bhiashlabhra

Ceistigh na páistí faoi na cineálacha bia, feoil ach háirithe a itheann daoine. Cuir biashlabhraí le chéile bunaithe ar roinnt de na samplaí, mar shampla:


     Pléigh ról an éisc sa bhiashlabhra. Faighimid éisc ag na leibhéil éagsúla den bhiashlabhra, ag staid áirithe dá saol. Itheann éisc, mar shampla, éin, feithidí uibheacha éisc agus gilidíní. Is creachadóirí iad roinnt éisc, mar shampla an bradán. Beathaíonn an bradán é féin ar fheithidí fhionnuisce agus ar chrústaigh ón abhainn. Itheann sé éisc bheaga (mionéisc) agus crústaigh mar shampla an ribe róibéis san fharraige. Ar an taobh eile de bíonn go leor ainmhithe eile sa tóir ar an mbradán, ina measc an chorr réisc, an madra uisce, rónta, éisc eile agus daoine. Nuair a fhaigheann an bradán bás scaoiltear cothaithigh óna gcorp isteach san uisce agus baineann an fásra san abhainn agus san fharraige leas astu. Cuireann seo tús leis an mbiashlabhra in athuair

 

Priontáil roinnt léaráidi de cholainn éisc as Enchanted Learning.com. Tá fáil orthu ar an suíomh idirlín http://www.littleexplorers.com/subjects/fish/label/labelfish.shtml

AG DEIREADH AN CHEACHTA, BA CHÓIR GO MBEADH AN tEOLAS SEO AG NA PÁISTÍ:

    • Conas mar a análaíonn iasc
    • An ról a ghlacann éisc sa bhiashlabhra
    • An difear idir an t-iasc fionnuisce agus an t-iasc mar

 


Mamaigh

  • Ainmhithe talún is ea an chuid is mó de na mamaigh. Is eisceachtaí iad an míol mór agus an deilf mar maireann siad in uisce.
  • Ólann gach mamach óg bainne a mháthar.
  • Tugann mamaigh aire dá gcinn óga.
  • Análaíonn mamaigh trína scamhóga..

    Is mamaigh iad daoine, cait, capaill agus sionnaigh.

 

 


 

Reiptílí

  • Ainmhithe talún a mbíonn craiceann tirim gainneach orthu is ea reiptílí. Beireann formhór de na reiptílí uibheacha, a mbíonn blaosc ar nós leathair orthu.
  • Ba iad na débheathaigh sinsir na céad reiptílí. D’aistrigh na céad reiptílí ón bhfarraige agus chuaigh siad i dtír agus le himeacht aimsire is ar an talamh a mhair siad an t-am ar fad.
  • Reiptílí a mbíonn blaosc chrua orthu is ea na turtair agus na tortísí. Is iad na crogaill agus na hailigéadair na reiptílí is mó atá ann. Itheann siad feoil. Is reiptílí iad nathracha agus laghairteanna.
  • Análaíonn reiptílí trína scamhóga.
  • Bíonn óg na reiptílí ábalta aire a thabhairt dóibh féin, go luath i ndiaidh dóibh teacht as an ubh.


Débheathaigh

  • Beireann débheathaigh uibheacha, gan blaoscanna, in uisce.
  • Bíonn ceithre ghéag orthu.
  • Bíonn dhá chéim ina saolré - beirtear na larbhaí in uisce de ghnáth agus análaíonn siad trí gheolbhaigh (mar shampla torbáin). Trí scamhóga a análaíonn na débheathaigh fhásta agus maireann siad ar an talamh (froganna mar shampla).
  • Is féidir leis na débheathaigh fhásta análú trína gcraiceann freisin. Craiceann sleamhain, tais a bhíonn orthu.

 

 


 

 


 

Éin

  • Bíonn cleití ar éin. Beireann siad uibheacha, a mbíonn blaosc chrua orthu, i neadacha. Tógann siad na neadacha seo ar an talamh, i bhfoirgnimh nó i gcrainn.
  • Suíonn éin ar na huibheacha chun gor a dhéanamh orthu.
  • Bíonn gob, in áit fiacla, ar éin.
  • Is féidir leis an gcuid is mó de na héin eitilt.
  • Ní féidir le roinnt éan eitilt áfach (an ostrais, an cíbhí, an t-éamú).
  • Análaíonn éin trína scamhóga.

Éisc

  • Maireann éisc in uisce. Bíonn geolbhaigh orthu a chabhraíonn leo análú faoi uisce.
  • Bíonn eití orthu.
  • Beireann siad a gcuid uibheacha san uisce. Cothaíonn na huibheacha seo an t-iasc óg ag tús a shaoil.

 

An Eascann

     Cothaíonn an eascann í féin i bhfionnuisce agus téann sí chun farraige chun sceitheadh. Is é Anguilla Anguilla an t-ainm Laidineach atá ar an Eascann Eorpach. Caitheann an créatúr iontach seo cuid mhaith dá saol sa dorchadas ag tóin na habhann nó tóin an locha. Is annamh a thagann sí go barr an uisce i rith an lae. Léiríonn scrúduithe DNA a rinneadh le déanaí sa tSeapáin go bhfuil sé idir seasca agus céad milliún bliain ó shin ó cuireadh tús le turas éabhlóideach na heascainne. Bhí an-tóir ar an eascann ariamh i measc ríthe, banphrionsaí agus pápaí. Itear eascann rósta san Iodáil um Nollaig.

     Tar éis breis is seacht mbliana a chaitheamh i bhfionnuisce tosaíonn an eascann ar a aistear i dtreo na farraige. Le linn oícheanta dorcha ag deireadh na bliana taistealaíonn sí na mílte míle chuig an Mhuir Shargasach chun sceitheadh.

     De réir taighde is cosúil go scuabann Síobadh Mór an Atlantaigh Thuaidh na luathóga (óg na n-eascann) go cósta na hÉireann. Snámhann na luathóga isteach sna hinbhir agus téann siad suas na haibhneacha agus na srutháin. Ar an turas sin dóibh bíonn orthu mórán constaicí a shárú – uaireanta gluaiseann siad thar na clocha nó thar féar fliuch chun easanna agus claíocha a chur díobh. D’fhéadfadh eascanna fireannacha maireachtáil go mbíonn siad thart ar caoga bliain d’aois.

    
Tá seilg á déanamh ar an eascann leis na mílte bliain. Ní ionadh mór é sin, toisc go bhfuil bialuach ard aici agus go bhfuil sí le fáil go forleathan. Thuig na sealgairí fadó gur ith an eascann an iliomad bia de gach saghas i rith an tsamhraidh: gilidíní, éisc eile agus péisteanna talún ina measc. Mheall na sealgairí amach as a háit fholaighí le bia. Ansin mharaigh siad í le sleá.

     Tá iasclanna a mbunú ar abhainneacha le roinnt blianta anuas chun feirmeoireacht eascann a fhorbairt. Easpórtálann an tír s’againne eascanna chuig an Ollainn, an Ghearmáin agus an Fhrainc. Easportáladh chuig Londain iad san am a chuaigh thart agus d’éirigh le go leor daoine, a raibh cónaí orthu ar bhruach abhann nó locha, slí bheatha mhaith a bhaint amach as iascaireacht eascann.

An Bran

     Iasc garbh is ea an bran. (Abramis brama) Faightear i roinnt lochanna, aibhneacha agus canálacha in Éirinn é. Dath ruadhonn a bhíonn ar an mbran fásta agus bíonn eití dubha air. Gobann an giall uachtarach amach ar an mbran. Bíonn dath an airgid ar an mbran óg. Sceitheann an bran idir tús mhí Bealtaine agus tús mhí an Mheithimh, nuair a bhíonn teocht an uisce thart ar cúig chéim déag. Beireann an bran baineann na mílte ubh ina dtoirteanna móra greamaitheacha. Ceanglaíonn siad ar na fiailí faoin uisce, ar an ngiolcach agus ar an luachair. Beireann an bran baineann ceithre mhíle ubh do gach kg meáchan atá inti.

     Tagann larbhaí amach as na huibheacha tar éis idir seacht agus deich lá. Bíonn siad timpeall 6mm ar fad. Beathaíonn siad iad féin ag an tús ar algaí miocrascópacha san uisce. Tosaíonn siad ar chrústaigh agus larbhaí a ithe de réir mar a théann siad in aois. Beathaíonn an bran óg airgeadúil é féin ar dhreancaidí beaga uisce den chuid is mó ach itheann sé larbhaí feithidí, ribe roibéis, míol uisce agus mórán saghasanna seilide uisce freisin.

     Maireann an bran in aibhneacha malla agus i lochanna saibhre aolchloiche. Téann roinnt bran fásta ar imirce chun sceitheadh. D’fhéadfadh cuid acu taisteal suas go 40 ciliméadar. Is iasc fadsaolach é an bran agus fásann sé go mall. Deirtear go maireann cuid acu go mbíonn siad cúig bliana is fiche. Beathaíonn an bran fásta é féin de ghnáth ag bun na habhann. Amantí is é an bran is cúis le huisce modartha i gcanálacha, toisc go mbíonn sé ag tochailt ar an ngrinneall i gcomhair bia. Bíonn an-tóir ag slatiascairí garbha ar an mbran, thar iasc ar bith eile.

 

Diúilicín na bPéarlaí

     Leis na céadta bliain anuas tá iascairí ag dul sa tóir ar dhiúilicín na bpéarlaí. (Is é Margaritifera margaritifera an t-ainm Laidineach atá air). Tá iascaireacht á déanamh ar an diúilicín seo ón seachtú aois déag ach níor tháinig an tionscal chun cinn go mór go dtí thart ar na 1920-idí agus na 1930-idí. Lorgaíodh na diúilcíní, ina raibh an péarla eabhair luachmhar seo, i ngach áit sna haibhneacha. Deirtear go gcruthaítear an péarla as gráinne gainimh. Téann an gráinne isteach sa sliogán agus leagtar sraitheanna d’ábhar cailcreach agus de chitin anuas ar an ngráinne chun an péarla lonrach seo a dhéanamh. Dath geal atá ar an bpéarla is luachmhara, le himir den bhándearg ann agus é chomh lonrach agus a d’fhéadfá a shamhlú. Deirtear go bhfaightear diúilicín na bpéarlaí de ghnáth in aibhneacha ina mbíonn an bradán ann chomh maith. Is féidir leis na diúilicíní seo maireachtáil thar céad bliain d’aois.

     D’fhéadfá na céadta sliogán a oscailt gan teacht ar oiread is péarla amháin. Baineadh úsáid as an taobh istigh dá sliogán chun cnaipí a dhéanamh do léinte, nó chun ól astu.

     Faightear péarlaí, ar ndóigh, i go leor moileasc déchomhlacha eile mar an oisre, an diúilicín farraige agus an diúilcín fíoruisce. Deirtear gurb é an péarla is áille ar fad ná an ceann a fhaightear i ndiúilicín eile ar a dtugtar “Diúilicín na nEalaí.” Bhí an-tóir ariamh ar an diúilicín fionnuisce i measc na ndaoine saibhre i Londain. Déantar tagairt d’iascairí péarlaí chomh fada siar leis an mbliain 1611. Deirtear go dtagadh iascairí péarlaí ó Thuaisceart na hÉireann agus ó Albain chomh fada le Co. na Gaillimhe chun iascaireacht a dhéanamh ar na diúilcíní sna haibhneacha. Tá péarlaí a tógadh ón Tatha in Albain sna Seoda Ríoga atá i gCaisleán Dhún Éideann.

     Tá sé deacair diúilicín na bpéarlaí a aimsiú. Ní bhíonn sé le feiceáil ar ghrinneall na habhann ach ar feadh tréimhse ghairid idir mí an Mheithimh agus mí Lúnasa. Bíonn dath dorcha donn air, díreach mar a bhíonn ar ghrinneall na habhann féin. Tá an líon díobh tite go mór áfach, de dheasca truailliú agus toisc go ndearnadh iascaireacht ró-mhór orthu san am atá caite. Anois is iasc cosanta é. De réir dlíthe na hÉireann agus na hEorpa níl cead é a thógáil as aon abhainn a thuilleadh.

 

sPEICIS Ó cHóSTA NA HÉIREANN

An Mangach

     Is é an mangach (is é Pollachius pollachius an t-ainm Laidineach atá air) an t-iasc is coitianta i bhfarraigí na hÉireann. Maireann sé den chuid is mó ar sceireacha agus i gclasáin a bhíonn clúdaithe le fiailí agus a bhíonn gar don chladach. Beathaíonn an mangach fásta é féin ar éisc, ar an gcorr ghainimh ach go háirithe, ach itheann sé sproit, scadáin agus gilidíní nuair a bhíonn báirí díobh thart. Beathaíonn sé é féin freisin ar speicis a mhaireann faoi na carraigeacha, mar shampla an ballach, an donnán langa, an ceannruán, an ribe roibéis agus an portán. Bíonn dath liath ar an mangach – donn ar a thaobh agus dorcha ar a dhroim. D’fhéadfadh sé fás go mbíonn sé thart ar 20 punt meáchan. Maraíonn slatiascairí mangaigh de ghnáth ó dhreapaí creagacha nó ó chéanna, go háirithe ar an gcósta thiar. Is é clapsholas, le linn lán rabharta, an t-am is fearr le hiascach a dhéanamh ar an mangach.

 

An Ronnach
Iasc an-choitianta é an ronnach ar chósta na hÉireann sa samhradh agus san fhómhar. Snámhann an ronnach ina mbairí ollmhara ar uachtar na farraige agus is minic a thagann sé i mbarr an uisce. Tá sé gaolta leis an tuinnín agus bíonn sé so-aitheanta ar a dhath ildathach gormghlas.
Is iontach an snámhaí é an ronnach d’iasc dá mhéid. Beathaíonn sé é féin ar shaláin agus ar ghilidíní beaga. Is cosúil gur iasc fadsaolach é mar is féidir le ronnach maireachtáil go mbíonn sé thart ar fiche bliain. Maraíonn slatiascairí an ronnach ó charraigeacha agus ó chéanna i rith an tsamhraidh. Bíonn cuid mhór ola sa ronnach. Is dea-blasta an t-iasc é agus é úr.

An chéad cheacht eile